Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú portfóilió

Shainaithin scoileanna a d’oibrigh ar fhorbairt tosaigh na dtreoirlínte seo punann mheasúnaithe mar chur chuige atá oiriúnach do na scoláirí atá i gceist agus do na cineálacha tascanna atá i gceist chun measúnú a dhéanamh ar obair ar na ATFanna. Tugtar fianaise dhaingean don scoláire sna punanna ar a dhul chun cinn agus éachtaí, a phléann siad, a ndéanann siad athbhreithniú orthu agus a roinneann siad lena múinteoirí, tuismitheoirí agus piaraí de réir mar is cuí. Dá bharr seo, breisítear a fhéinmheas mar scoláire gníomhach. Is féidir le punanna a bheith ann mar chóip chrua agus/nó go leictreonach. Bailiúchán d’obair an scoláire is ea punann leictreonach, ar a dtugtar r-phunann nó punann dhigiteach, a chruthaítear le próiseáil focal agus cuir i láthair ilmheán eile. Seo a leanas samplaí de na cineálacha fianaise ar fhoghlaim a d’fhéadfaí a áireamh sa phunann:

  • obair scríofa
  • obair thionscadail
  • obair baile
  • cairteacha, léaráidí, grianghraif 
  • taifeadtaí fuaime nó físe de rannpháirtíocht an scoláire i ngníomhaíocht, imeacht nó gnóthachtáil
  • taifeadtaí saothair sna healaíona.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.